Archive for Samhain, 2010

Samhain 7, 2010

Ó Ré na hEagnaíochta go Ré na Dímhoráltachta
(arís
Mí na Samhna 2010

An chuí ina bhfuil muid
Bliain ó shoin, bhí sé mar smaoineamh smartáilte ag Éanna Ó Cionnaith, TD, fáil réidh leis an Seanad, chun airgead a shábháil. Ach ní raibh a Pháirtí sásta le sin. Bhí siad sásta, ámh, fáil réidh le Geoge Lee, fear ábalta macánta.

Arís, ar Satharn an 17ú lá D.Fr., ag cur iontais ar 1,200 ball d’Fhine Ghael ag cruinniú i City West dó, nocht Éanna polasaí pearsanta eile. Bhí sé ar intinn aige uimhreacha na Dála a ísliú faoi 20. Ach ní raibh a Pháirtí sásta le sin, ach an oiread.

I 1986, do b’é barúil John Kelly, TD, (Fine Gael), léachtóir le dlí bunrachtúil: “Ireland’s political and official rulers have largely behaved like a crew of maintenance engineers, just keeping a lot of old British structures and plant ticking over…”. Tá na cosmhuinntir ‘agin the government’: toisg nach bhfuil sa Dáil ach Boscaí Poist Sasanacha péinteáilte.

An Fhadhb mhór i mbeul na nDaoine
Bliain ó shoin, de réir an AE, mhéadódh an t-easnamh ar an dTiachóig in Éirinn i 2010 go 14.7% den Olltáirgeacht Náisiúnta (GNP). Táthar siúd i ndon tuar a dhéanamh!

Chaithfidh Fianna na Dála gearradh siar mór ar chaiteachas phoiblí i 2010 a dhéanamh. Rinneadh dearmad cheana ar cé hiad atá ciontach as sinn do chur san áit seo sa chéad áit. Níl tuarastail agus liúntais na bhFianna fá scrúdú ag éinne ná a gcuid mórfhaillí.

Bhí gearradh siar €4bn i 2010. Roinnt seachtmhainí ó shoin, bhí gearradh siar €3bn eile i ndonn do 2011. Ach de réir dealraimh anois, b’fhéidir gur €4, 5, 6 nó fiú 7bn an figiúir cuí. (Tiocfaidh figiúir éigin ón spéir anuas.) Dúradh i Liatroma nár admhaíodh go fóill go gcaithfear laghdú de €20bn a dhéanamh roimh 2015 (agus an geileagar ag síor-chúngú)! Ná an fáth gur gá sin!

Freagraímis Ceist an Lae: cá bhfaighfimid ciorraithe de €22bn roimh 2014, le gnáth-shaol na tíre a athbhunú gan ‘chabhair’ a fháil ón gCiste Idirnaisiunta Airgeadais (IMF)? Ní thagann siad siúd isteach go tobann. ’Sé sin le rá – an bhfuil cinneadh déanta cheana! I mBaile Átha Cliath, dúradh linn go mbeadh tuiscint ann leis an IMF, le míonna anuas, faoi ghnáth-rialacha an eagrais sin.

Anam na Banban
Tá muidinne, Lucht Labhartha na Gaedhilge, ag moladh go glacfaí le moltaí an Chomhchoiste Dála maidir leis an Staitréis 20 Bliain don Ghaedhilg. Ní fá choinne liúntais a chruthú do Theachtaí Dála a bunaíodh an Coiste seo. Dúradh i Muigheo go gcaithfear aidhmeanna an Choiste a shníomh isteach sa phlean chaitheachais don am atá le theacht – agus cloí leobhtha.

Tá muidinne go láidir ag cur in aghaidh mholtaí na Roinne Airgeadais i leith na Gaeltachta, mar atá leagtha amach sa cháipéis ‘Tosaíochtaí Infheistíochtaí Infreastructúir 2010-2016‘. Rinneamar tagairt do mhórfhaillí thuas. Duradh i Muigheo go dthitfeadh Crann na Tubaiste seo go trom ar Lucht Labhartha na Gaedhilge, a bhí ag bun an liosta sa Roinn. Le Stádas Oifigiúil san AE ag an nGaeilge, cé’n saghas prionsbail a úsáidtear? Bhí an Roinn Airgeadais ar an Roinn ba mheasa in aon tír san OECD le blianta móra fada anuas ó thaoibh thuar ar fhás eacnamaíochta a thabhairt. Tá a cuid creidiúnachta ar lár agus chan fhuil duine ar bith sa tír gur féidir leis nó léithe freagracht do chur i bhfeidhm. Dúradh i gCo. na Mí go raibh aitheantas ar Scéim Labhartha na Gaedhilge mar tomhas ar shláinte chultúrha Gaeltachta. Dá gcuirfí i mbaol í, cuirfí i mbaol stádas na teangan sna ceanntair Gaeltachta.

Dúradh linn i mBaile Átha Cliath gur cosúil nárbh ‘fhios ag éinne c’én fáth nár iarr R Bruton nó J Burton ar an Roinn (tré’n Oifig um Chomhionannas agus Saoráil Faisnéise) a mhíniú don phobal conas a rinneadh na tuartha seo? Cé’n fá nach bhfógraítear an toghchaí atá i ndon don fhine Ghaedheal (.i. ár nGaedhealachas) ná atá i ndon don aos óg? Tá na mílte polasaithe ag Fianna Fáil, adubhairt Brian Lenihan tráth (go ndéana Dia trócaire air). Cá bhfuil siad le feiscint?

Má’s mar sin a oibríos an daonlathachas atá againn, gan fhreagracht ach amháin don Vóta Uileachumhachtach), tá sé in am féachaint arís ar na prionsabail a bhain le cosaint ó bhun-nádúr an duine atá sa bhFéineachas. Tá prionsabail an chirt buan ach, faraor, is faisean é an cultúr. Tá athrú le brí úr ar a Ceannaireacht de dhíobháil go géar ar Bhanbain.

Advertisements