Archive for the ‘Gaeilge’ Category

Samhain 2009 – Ó Ré na hEagnaíochta go Ré na Dímhoráltachta

Samhain 28, 2009

Moladh beag: Bhí sé mar smaoineamh smartáilte ag Éanna Ó Cionnaith, TD, fáil réidh leis an Seanad. Ní bhfuair sé tacaíocht fiú ona Pháirtí fhéin – nach dtuigeann formhór a bhall míniú ainm an pháirti sin fiú (cibé rud a thuigeann siad).

Ar Shatharn an 17ú den’ mhí seo caite, ag cur iontais ar 1,200 ball d’Fhine Ghael ag cruinniú i Citywest (Baile Átha Cliath) dó, nocht Éanna a pholasaí phearsanta nua. Tá sé ar intinn aige fosta uimhir na dTD a ísliú faoi 20 agus athraithe eile a chur i gcrích. Ar ndóigh, bhí roinnt Sheanadóirí Fhine Ghael i gcoinne an mhollta. Adubhairt Leas-cheannaire an Pháirtí, Richard Bruton, ámh, taobh le Phil Hogan, Leo Varadkar agus Simon Coveney go raibh an ceart ag an gCionnach. Agus creid é, bhí Seanadóirí sinsearacha, mar shampla Ceannaire an tSeanaid Frances Fitzgerald, den tuairim céanna.

I 1986, do b’é bharúil John Kelly, TD, (Fine Gael), léachtóir le dlí bunrachtúil: “Ireland’s political and official rulers have largely behaved like a crew of maintenance engineers, just keeping a lot of old British structures and plant ticking over…”. Thuig seisean an fá go mbímis tráth ‘agin the government’: bhí ‘fhios againn nach raibh sa Dáil ach Boscaí Poist Sasanacha le dath glas péinteáilte ortha.

Ceist an Lae: De réir an AE, méadóidh an t-easnamh ar an dTiachóig (.i. Buiséad) in Éirinn i 2010 go 14.7% den Olltáirgeacht Náisiúnta (GNP). Ní cosúil gur féidir le Fianna na Dála an scéal a cheartú go dtí an bhliadhain 2014 (.i. an t-easnamh a laghdú go 3%). Caithfidh na Fianna seo gearradh siar oll-mhór ar chaiteachas a dhéanamh i 2010. Tá an méad gearán sin ag gabháil thart anois go ndearnadh dearmad ar cé hiad a chuir san áit seo sinn sa chéad áit. Níl tuarastail agus liúntais na bhFianna Dála fá scrúdú. Tá droch-iompar na mBannc incurtha leis sin a bhí acu cheana.

Beidh gearradh siar €4bhn i 2010, 2011 agus 2012. Má tá geileagar fágtha annsin, gearrfar €3bhn eile i 2013 agus (a bheag nó a mhór) i 2014 arís. Tá tuarascáil An Bhord Snip, méadaithe faoi ceathar, de díobháil orainn. Agus muidinne, mar chaoire, ag sodar i ndéidh argóintí maille le snipín annseo nó annsiúd.

Tamall maith de bhlianta ó shoin bhíodh sibhialtacht Gaelach ann. Ligimis orainn, sinne a bhfuil an teanga againn ar a laghad, go bhfuil smior den tsibialtacht sin ann. Ná cuirimis an dallamullóg orainn agus freagraímis Ceist an Lae: cá bhfaighfimid na gearrthacha de €22bn gur gá, le gnáth-shaol na tíre a athbhunú gan ‘chabhair’ a fháil ón gCiste Idirnaisiunta Airgeadais (IMF)?

Den €56.6bn a caithfidh an Rialtas i 2009, costóidh Leas Sóisialta (nó ‘Sóislialach’ mar adeireann an Roinn in amanna) 38% (€21.5bn), Sláinte 27% (€15.3bn) Oideachas 15% (€8.5bn), Dlí agus Ceart 4% (€2.3bn), Talmhaíocht 3% (€1.7bn), Fiontar 3% agus Eile 10% (5.6).

Ag gearradh siar ar chaiteachas reatha agus ag coimeád an caiteachas caipitil slán, goidiad na céatadáin agus na figiúirí a cheapaimid, ar bhonn ghinearálta, a bheith cuí – agus an Tiachóg (Buiséad) sa Dubh?

.                                     2009                            2014
.                                 %           €bn               %           €bn
Leas Sóisialta:              38           21.5             36.0        17.5
Sláinte:                       27           15.3             25.0        12.3
Oideachas:                  15             8.5             17.7          8.5
Dlí agus Ceart:               4             2.3              4.2          2.0
Talmhaíocht:                 3             1.7              3.5          1.7
Fiontar                         3             1.7              3.5          1.7
Eile:                           10             5.3              9.0          4.3
.                                              56.6                           48.0
Cáin bhreise
ar aicmí saibhre:                                                           5.0
Cáin úr glas:                                                                5.0
.                                              56.6                          58.0

Gidh go bhfuil na figiúirí thuas-tugtha garbh is nár chostaigh siad an iomairce le cur le chéile, is cosamhail gur tiachóg mar seo a bheas ann i 2014. Is amhlaidh go raibh baill an Chomhluadair Scadhp – ó Chonnacht ó Laighean ar aon fhocal ar an gceist seo gan mhórán differ eadartha.

Advertisements

Meán Fómhair 2009 – NAMA: Tír le NAMa, tír gan aNAM

Meán Fómhair 27, 2009

Droch-smaoineamh é an ‘droch-bhannc’, sin an tuairim a nochtadh sa tsuirbhé a rinne an Irish Independent agus Quantum Research i Lúnasa seo caite. Ní ghlacann eacnamaithe proifisúnta go ndearnadh athraithe móra sa reachtaíocht ó shoin. Ag éisteacht leis an Aire Airgeadais, ámh, cheapfá go raibh feall á dhéanamh ag an Stát ar na Bainnc agus gurb í a aidhm naomhtha iad a robáil ar ár son.

B’fhearr le 60% de dhaoine na Bainnc a fheiceáil i seilbh an Stáit. I mBaile Átha Cliath dúradh linn gur pronntanas dosna Bainncéirí é an lascaine 30% a tabharfar ar na fiacha. Dúirt Colm McCarthy (den Bhord Snip) go mbeidís sin ní ba mhó ná mar a cheapamar. Beimid á n-aisíoc ar faidh na nglúnta, deir Gene Kerrigan, tuairisceoir.

Ceisteanna

Chaith Brian Cowen €750,000 sa bhliain 2008, ar chomhairle a bhí le a fháil ó Stát-sheirbhísigh. I Londain, duradh linn nach raibh mórán difir idir an mí-chaiteachas annsin agus annseo. Is cuma leis an gcáiníocóir cioca ar Scairdeitleán an caiteachas nó ar Arasán Saoire é. Tá Éireannaigh thall ag iarraidh eolas ar chamadáin pholaitíochta i nDubhlinn a fháil. Táthar ag cur airgid ‘un a’ bhaile go fóill ó Shacsain, le fonn ar chuid acu teacht ar ais, go bhfóire Dia orainn.

I rith 2008, chaith Teachtaí Dála, €725,00 ar taisteal thar lear, gan tairbhe a luacháil do mhuinntir na hÉireann as. Daoine ag maireachtáil ar na sráideanna agus saol an Mhadaidh Bháin acu siúd. I Muigheo, dúradh go raibh rudaí dona go leor, gan an scéal a dhéanamh níos measa ag polaiteoirí tré chasadh a chur ar rudaí i gcónaí.

Glaine ár gCroí… Beart de réir ár mBriathar

I ndéidh dúinn NAMA a bhunú, níl fágtha againn ach rogha idir réabhlóid nó sclábhaíocht, dúirt John Drennan, tuarisceoir. I gCo na Mí, bhí an tuairim acu go bhfuil ciorcal órgach ann – a choimeádann aon bhrabús a thagas an treo agus a chuireas na priacail ar ghnáthdhaoine.

Cé’n fá, dúirt Eoghan Harris, tuarisceoir, go gcaithfidh cáiníocóirí íoc as na fiacha ‘tocsaineacha’ (nach ndeintear iad a luacháil i gceart – de réir dealraimh) gan phionós a chur ar fhorbróirí? Tá an freagra éasca a fháil – ní féidir dul i gcoinne choiriúlachta nach bhfuil dlíthe ina coinne ann.

Iúil 2009 – Toghchán áitiúil gurb Olltoghchán é

Deireadh an tSamhraidh 31, 2009

D’éis dóibh saothrú go dian, chuir muintir na hÉireann an Tíogar Ceilteach ar aghaidh agus faoi lán tseol faoi 2003.  Ansin tháinig lucht na sainnte isteach sa phictiúir agus lobh siad an Tíogar tré gheileagar bhréagach do chruthtú, a bhí ag brath ar tógáil, nach raibh monatóireacht á déanamh uirthi.  I dtuairim Chontae na Mí,   d’ardaíodh tuarastail go mór an t-am sin agus bhí ar an bhfíorgheileagar gabháil thar lar.

Gan riarú eacnamaíochta ann, de réir Chontae Mhuigheo, níor cuireadh aird ar cheist na coimhlinte.  Cailleadh postanna agus is léir nach mbeidh post d’aon chineál fágtha sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana. Má dúntar Roinn na Gaeltachta anois, cinnte go bhfágfar ar lár daoine bochta a bhí muinín acu uirthi, le seirbhísí riachtanacha a fháil.

Briseadh an Bolgán Eacnamaíochta is na polaiteoirí is an Roinn Airgeadais ag rá (is ag rá go fóill!) nach rabh ‘fhios acu, ná ag éinne, go dtarlódh sé mar sin, is nach dtarlódh murar tharla an meath domhanda.  Thug ár muinntir a fhreagra don Státchóras tráth na dtoghchán áitiúla i Mí Meitheamh.  Glanadh amach iarrthóirí Fhianna Fáil (masla don Lia Fáil iad) agus an Pháirtí Glas (masla don ainm iad agus, de réir Chontae na Mí, ceistKyotocurtha ar leathtaoibh acu ón gcéad lá, i measc na ‘mbolgán leictreonach’).

Shleamhnaigh vóta Fhianna Fáil go 25.4% den iomlán, agus léim Fine Gael go 32.2% don chéad uair riamh, le cabhair ó fhear chiúin mhacánta, George Lee, a tháinig ar bord ar na mallaibh.  Bhí an Lucht Oibre lán -tsásta le 18.1% den iomlán, toradh gur féidir, de réir Chontae Átha Cliath, a chur síos d’Éamon Gilmore agus Joan Burton.  Tugann Éamonn treoir bheacht do pholasaithe an pháirtí agus tá amharc dosháraithe Joan ar chursaí airgeadais, baincéireachta agus eacnamaíochta.

Ba ar aon dóigh leis na torrthaí sin, na torrthaí ar na toghcháin Eorpacha agus na fothoghcháin.   Chuir an Rialtas crot macánta ar scéal a chuid oibre.  Níor chreideamar é.  Ach leanann an dream sin ar aghaidh – ní go simplí le hairgeadú na mBannc, le fírinne, ach, de réir Chontae Thír Conaill, ag airgeadú fhiacha lobhtha iontu.  Agus tá na fiacha náisiúnta ag ardú 43m go laethiúil.  A Dhia saor Éire!

Cinnte is féidir le Lenihan a rá, agus léirmhíniú dá chuid fhéin aige, go ndeireann boic mhóra (san IMF/ECB) go bhfuil a chuid pholasaithe i gceart – maidir leis na Bainc, an Tiachóg (buiséad) is le coimhlint.  Ach tá an ‘casadh’ sin rí-shimplí.  Rud atá simplí – deinfidh bainc idirnáisiúntabrabús thar cuimse ónár gcuid bhfiach.  De réir Chontae na Mí, tiocfaidh an tír go lán-stad agus muid ag íoc astu, ar faidh na nglún.  Na daoine ag bun an dréimire á mbuaileadh ag na hÚdaráis agus ár gcultúr fá chois arís.  Nach fíor é: Tír gan Teangain, Tír gan Anam.

Bheadh ‘fhios ag aon óinseach nach ceart airgead nach bhfuil aici a chaitheamh le gaoith.  Cuimhnighí ar Mr Micawber as Dickens.  Agus lucht na Dála, imithe ar saoire, le pócaí lán.

Meitheamh 2009 – Scannal Eaglasta

Bealtaine 30, 2009

Agus cuid againn ag fás suas, bhí sé de nós againn ceist a chur an peacadh é greim a choimeád ar láimh chailín. Bhí an saol simplí – ré ina dheineadh na Bráithre Críostaí seirbhís nach beag ar mhaithe le cosmhuinntir na hÉireann. I scoil Sr Synge, mar shampla, gheibheadh gasúr oideachas ar 2p le haghaidh na seachtaine – dá mbeadh an tairgead sin ag a dtuismitheoirí. Muna raibh gheibheadh sé an t-oideachas saor in aisce.

Agus bhí na Bráithre féin bocht. Gheibheadh siad casóg úr nuair a rachadh siad isteach san Ord. Cuirtí fá’n gcré iad sa chasóig chéanna nuair a bhfaighidís bás. Dúradh i gCo na Mí go raibh cothramaíocht le coinneáil agus ceist an scannail á plé. Tá léann agus díograsacht na mBráithre sin le feiceáil go dtí an lá atá iniu ann – sa mhéad a scríobh siad de leabharthaí scoile den scoth. Thug siad oideachas do ghlún i ndéidh ghlúine d’óige na tíre – nach bhfaighfeadh sin ar aon chaoi eile.

Goidé a tharla dosna Bráithre agus nuacht ann anois de scannal maidir le drochíde, a d’imir siad ar ghasúir, le dornán de bhlianta anuas? Dúradh linn gur ba mhinic a chuaigh fir isteach i gcomhtionóil, cosúil leis na mBráithre Críostaí, gan ghlao acu. Fir fá bhrú chlainne, in amannaibh, agus chaill a slí ina dhéidh sin.

Má smaoiníonn éinne de léitheoirí an Bhlaig seo ar aon am a bhí siad i dtrioblóid mhóir, cuimhneoidh siad gur ag an am sin thiocfadh leo a gcuid carad a chomhaireamh ar mhéaranna aon lámh amháin. ‘Sé sin, níl seasamh láidir móralta ag an bpobal i gcoitinne. Gan a bheith ag brú go ró-mhór ar na Bráithre, dúrah i mBaile Átha Cliath, féachaimis ar ghníomhaíocht úfásaigh an Rialtais, na mBannc, agus na bhfhorbróirí, a rinne damáiste as cuimse don gheileagar agus dár slí beatha – ar mhíriarachán eile an FSS (HSE) agus an chórais oideachais. Mar shoiché, táimid tar éis éirí bog, lobhtha.

Mo chreach is mo lom gur éimíomar uilig chomh bog sin, chomh tapaidh sin. Mar réiteach ar an scannal ós ár gcomhar anois, dúradh i Tír Chonaill, go mba chóir an dlí a chur ar éinne a bhris é agus dlíthe úra, láidre agus oscailte a chur i bhfeidhm. Dúradh i Muigheo gur eagal gur dul chun chinn drogallach a bheadh ann, mar tá an easpa mhoráltachta ann i gcónaí. Ná bímís fimíneach. Nach binn béal ina thost?

Bealtaine 2009 – An Fliú Muc

Bealtaine 30, 2009

‘Sé an fliú muc an galar idirnásiúnta deireannach chun teacht inár dtreo. Pointe mór nach bhfaigheann an chuid is mó de dhaoine a éiríos tinn bás. Go fóill ar aon nós. Tá an scéal imithe ósna cinn-línte ach níl an galar imithe aon áit.

Dúirt Keiji Fukuda den Eagras Domhanda Sláinte go néireóidh bh’fhéidir an tríú cuid den chine dhaonna tinn lastigh de bhliain. Cinnte, mar sin, nach bhfuil an galar seo réidh chun imeacht uainn. Agus má tá sé le bheith inár measc go cionn bliana – an imeoidh sé am ar bith?

I dtosach, roinnt seachtainí ó shoin, léim an fliú muc – nó an víreas A(H1N1) ó Mheicsiceo go dtí na SAM agus uaidh sin, i gciorcal a bhí ag síor-mhéadú, go Meiriceá Láir, Meiriceá Theas, an Meánoirthear, an Áis agus an Nua Shéalainn. Taobh istigh de mhí, léim na figiúirí ó 2,371 tinn go níos mó ná 15,000 agus ó 44 marbh go níos mó ná 80. Goidé atá déanta anseo in Éirinn ? Tá bileog foilsithe ar ‘Influenza A(H1N1)’ – do Bhéarlóirí. Droch-chumarsáid í, dúradh i gCo na Mí agus i mBaile Átha Cliath, nach raibh ceann dá-theangach ar fáil – fiú sna Gaeltachtaí! Ní deirtear gur féidir le víreas fuinnúil fanacht go ciúin i rith an tsamhaidh agus dúiseacht arís i rith an gheimhridh – ag méadú i gcuar epidéime. Ceistíodh i gCo na Mí cé’n fá nár tugadh eolas soiléir mar seo sa bhileoig? Deireann an bhileog go dtiocfaidh an galar ina dtonntracha: dona go leor, b‘fhéidir.

Ní léirítear ar an mbileoig an próiseas ina bhféadfadh leis an víreas athrú ina scriostóir marfach. Botún eile, dúradh i mBaile Átha Cliath. Má bhfaigheann ainmhí an fliú muc agus an fliú éan san am céanna, tagann na víris le chéile agus cruthaítear víreas gur féidir leis é féin a scaipeadh chomh héasca is an fliú muc agus marú chomh éasca leis an bhfliú éan. Sin dóigh amháin.

Deireann údaráis le muinntir na hÉireann gan a bheith imníoch mar gheall ar an ngalar seo. Tá ‘achan rud i lámhaibh cúramachaibh an FSS (HSE) – rud a chuir sceon ortha i dTír Chonaill. Tá Rialtas Shasana chun nócha milliún vaicsín a fháil dá muinntir. Bíodh súil againn go mbeidh cúpla milliún le sparáil acu.

Aibreán 2009 – An Tiachóg

Bealtaine 10, 2009

Bí Tiachóg againn an mhí seo. Sin an focal ceart ar ‘Bhuiséad’, agus miniú stairiúil ag baint leis (bhíodh sé de nós ag Airí Airgeadais na sonraí airgeadais a thabhairt isteach sa Dáil i dtiachóig).

Bhí crann na tubaiste le titim. Muna gcuirfeadh an ghéirchéim chreidmheasa idirnáisiúnta stop linn, bheadh ár mbolgán féin, a mba chúis le 80% den bhfadhb eacnamíochta annseo, ag méadú ar faidh achair eile!

Tá an geileagar is measa san AE againn. Tá €55bn reatha le fáil ar iasacht an bhliain seo – €21bn de don Roinn Leasa Sóisialta (nó Sóisialach mar a deirtear féin go minic – focal mícheart arís). €15bn ar sheirbhísí agus €20bh ar tuarastail.

Titfidh an geileagar 8% i mbliana. Tá baint ag dífhostaíocht le heaspa coimhlinte agus laige san oideachas.. I Muigheo, caillfear múinteoirí speisialta taistil do dhaltaí le míbhuntáiste, i sé scoil. Agus sna blianta beaga atá romhainn beidh laghdú ar chaiteachas chaipitil phoiblí, anuas ar an €5bn a rinneadh cheana.

Agus na tobhaigh ar ioncam dúbailte, beidh an gnáth-chlann idir €2,500 agus €4,500 thíos leis. B’fhéidir leis an gcóras polaitiúil, na bainnc, a gcuid scairshealbóirí agus na forbróirí móra treabhadh ar aghaidh agus na billiúin fá cheilt thar lear agus i gcistí móra pinsin. Ní féidir fostaíocht, a d’imigh soir uainn, a athchruthú. I mBÁC dúradh linn nár cosúil ro raibh plean fiúntach ann do rud ar bith. Bhí tiachóg chruaidh de dhíth, ach sinn a fhágáil i nDubhpholl ag an am gcéanna! I gCo na Mí, dúradh go mba chóir go mbeadh an t-oideachas i gcroílár phlean fá fhoine an gheileagair. Cailleadh 100,000 post san earnáil tógála cheana agus postanna eile san earnáil innealtóireachta éadraim. I Muigheo, tá críochnaithe le tograí móra tógála agus tá fostaíocht gann. Dominos Pizzas amháin atá ag earcú ar fud na tír, is cosúil, toisc nach bhfuil sé ar chumas daoine dul go bialainn níos mó. Gheobhaidh duine óg ar lorg oibre €100 sa tseachtain. Gheibheann an Taoiseach tuarastal ar aon leibhéal le sin a bhfaigheann an tUachtarán Obama. Soiché éagothrom, bun ós cionn.

Tá suas le €60bn le caitheamh ar na bainnc, ar shóchmhainní in Éirinn, i Dubai, i Sasain, Chicago, sa Spáinn 7rl, nach gcuirfear ar an margadh oscailte. Tá na drochfhiacha le bailiú ag eagras nua – NAMA nó National Asset Management Agency. Abair guí go mbeidh rath ar a chuid oibre, miriúilt atá uaidh annsin. Muna néiríonn leis na céimeanna seo chun na bainnc a chur ag obair, is féidir go mbheadh suas le 440bn de dhíth (230% den Olltáirgeacht Intíre (OTI/GDP). Dein dearmad ar an 7bn atá suncáilte le déanaí – a gcaithfidh sibhse, a Léitheoirí, íoc astu.

Ar a laghad, beidh an costas maireachtála ag dul síos, dúradh i dTír Chonaill, ach muna bhfuil airgead tirim sa phóca is leis na gaistí bochtaineachta a cruthófar, ba bheag an sólás é sin. De réir Fitch agus Standard and Poor’s, bhí rudaí le déanamh ag an Aire Airgeadais nár rinneadh. Tá clár dá gcuid fhéin acu siúd agus ní fiú bheith ag gearán fán €500m sa bhreis a chostóidh iasachtaí an Stáit dá bharr.

Márta 2009 – An Geileagar – Súil siar agus Súil ar Aghaidh

Bealtaine 10, 2009

Sna caogadaí, b’amhlaidh gur bhaineanar suaimhneas éigin as díol na dtáirgí agus na seirbhísí a chuireamar ar an margadh náisúnta agus idirnaisiúnta. Sna seascaidí tháinig borradh sa gheileagar idirnáisiúnta, le ré an fhuinnimh shaoir. Cuireadh stop le bánú na tíre a bhí ann ó aimsir a’ Ghorta Mhóir. Thosaigh rudaí ag seoladh ar aghaidh go hidirnáisiúnta agus in Éirinn fosta.

Sna seachtóidí bhí fás bliantúil de thuairim is 5%. B’íseal caighdeán na bpostanna a bhí á bhfáil isteach – táirgeadh rudaí agus próseáil bunúsach i monarchanaibh – ach ba chuma. Conacthas ar phostaerí: “Hire us before we hire you” agus “We are a young, well-educated, English-speaking workforce”. B’amaidí í an méad sin, adúradh i gCo Mhuigheo – is masla do Ghaeilgeoirí. Caimiléireacht a bhí ar siúl ag eagraíochtaí Stáit ag an am. Ní rabhamar ag cruthú fostaíochta ar scor ar bith. Ní raibh fórsa eachnamaíoch, neamhspleách is Éireannach ann. Bhí Béarla againn, a laonna, ach níl sin ag na Sínigh a bhfuil ár gcuid postanna acu anois.

D’imigh an fhostaíocht sa chaoi inar tháinig sé sna hóchtóidí – an timthriall eacnamaíochta i gcónaí á rialú ósna SAM. Thug saol na ndaoine céim ar ais.
Ach thosaigh an glún a fuair ard-oideachas le linn na seascaidí is na seachtóidi ag feidhmiú gur tháinig infheistíocht luachmhar isteach. Bhí ré an Tíogair Cheiltich ag teacht. Sa deich mbliadhain ina dhéidh sin, d’fhás geileagar na tíre i gcaoi nár fhás sé riamh agus bhí an Banphrionsa Éire sásta lena muinntir.

Dúradh linn i gCo na Mi gur le theacht na maoine a tháinig an t-sainnt. Ardaíodh rátaí páighe de réir a chéile, ‘chuile dhuine sásta leis seo, idir comhlachtaí, ceardchumainn, bainnc, rialtóirí, Stát-sheirbhísigh agus, faraor, Rialtas. Ar ndóchaigh, thosaigh na postanna ag gabháil ar bhád na himirce annsin ag tús ann mílaoise nua. Ach bhí earnáil na tógála ag léimt ar aghaidh agus ní bheadh deireadh leis choíche. Bhíomar ar Neamh.

Tá a fhios ag gach mac máthar anois nach mar sin atá an saol agus nach bhfuil sé ar chumas aon cheann desna grúpaí thuas-luaite tuar simplí eacnamaíochta a aithint. Adúradh linn i dTír Chonaill, in áit Ríthe Riaracháin a bheith ag na cosmhuinntir, bhí slua sanntach á rialú. A Dhia saor Éire! mar a dúradh fadó.

Ós rud é nach ndearna na ceannairí againn rud ar bith mícheart dar leo, a Léitheoirí uaisle, an gceapann sibh go leanfaidís an t-slí chéanna arís dá mbeadh seans ann? I gCo na Mí, ceapadh nár chonaiceamar lán an scriosta go fóill, gan trácht ar an todhchaí. An trioblóid leis an mBolgán Minsky, atá tar éis chliste dó, gur thug cuid againn maoin dúinn fhéin nár thuilleamar. Is ar deireadh, cad mar gheall ortha siúd ná fuair cianóg rua le linn an Tíogair Cheiltigh?

Feabhra 2009 – Na Bainc

Bealtaine 10, 2009

Glacadh, i beagnach gach aon tír, leis an dírialú airgeadais a thosaíodh ar an Oileán Úr le linn na ‘80í. De réir na smaointe a noctadh dúinn sna SAM, do b’í Éire ar cheann desna tíreanna a thogh an drochfheallsúnacht seo.

Goidé eile a bhí á dhéanamh ag an iar-Rialtóir Airgeadais, Patrick Neary, níor stop sé na bainc is iad ag dáileadh amach €112bn d’fhorbróirí réadmhaoine, roimh a stop an titim idirnáisiúnta an chamailéireacht. Níor chuir an Banc Ceannais aon tsuim sa bhoilgeoig réadmhaoine – a bhí le feiceáil ar gach taoibh dá fhoirgneamh féin fiú. I Muigheo, dúradh go raibh an Rialtas, an t-Aire Airgeadais agus a Roinn, scairshealbhóirí agus ceannairí na mBannc (an ‘ciorcal ciontach’) freagrach is go raibh dlí i gcoinne drochriaracháin de dhíth.

Chuir Gobharnóir John Hurley agus Neary (ball de Bhord an Bhainc Cheannais) milleán ar an bhfahdb eacnamaíochta domhanda – dúirt go mbeadh na bainc in ann an stoirm a sheasamh. Ceapadh i gCo na Mí, ámh, go rachfadh drochriarachán anseo ar aghaidh, gan stad gan staonadh, munar stopadh é, go dtí go bhfhásfadh an fhadhb rómhór! D’admhaigh Hurley gur chuir na bónais is na díbhinní (.i. na milliúin mhóra), a thug na baincéirí dóibh féin, go mór le deacrachtaí. Níor admhaigh sé go raibh eacnamaithe oillte ina gcéird sa Bhanc aige. ‘Carpe diem..’ leathan-phrionsabal an Stát-chórais.

D’éirigh Neary go drogallach as a phost le pinsean €140,00/bl agus €630,000 chun dul leis (fá rún). Bhí duine éigin sásta leis! Duine a ghlac le foirmle Meiriceánach do rialachas corparáide, a chuir na bainc ansin $60trn ar strae ón ngheileagar domhanda (!!!). I dTír Chonaill dúradh gur fágadh muintir na hÉireann lom d’éis don Rialtas iachall a chur ortha na baincéirí annseo a choimeád ar mhuin na muice.

Agus €7bn den Chiste Phinsin curtha ag an Rialtas i BOI is AIB, nach fiú pingin rua, b’fhéidir, na sóchmainní réadmhaoine atá acu, tá leis ráth Stáit ag Bainc a chlúdáios €440bn. Thit luach scaireanna Anglo ó €17.53 go 12c nuair a nochtadh drochfhiacha de €500m agus, fá shrón an Rialtóra, nuair a thug an Cathaoirleach, Seán Fitzpatrick, iasachtaí dó féin de €84m (nó b’fhéidir €150m – gan trácht ar chamailéireacht le ILP). I mBaile Átha Cliath, bhí an tuairim ann (ar an chuid is fearr de) go raibh an cuma air go bhfuil slis neamhinniúil ar fad, le lánchumhacht agus ar tuarastal ró-ard, i bhfoireann an Rialtóra, an Bhainc Cheannais, na Roinne Airgeadais agus suas an dréimire arís.

Ghlac an Rialtas Anglo in a sheilbh agus a gcuid fiach (nach fios cé chomh mór iad). Ligfear do rudaí a seal a rith, i bhfoclaibh an Bhainc Cheannais, a deireas go dtitfidh an geileagar fé 5% i mbliana. Tubaiste é titim de 2%.

Fóram fíorúil do Lucht Labhartha na Gaeilge é An Comhluadar Scadhp
(Trealamh Scadhp le fáil saor in aisce ach é a iarraidh in am ós Na Comhluadair Bheo cairde@gaeltacht.info)

Eanáir 2009 – Obama sa Teach Bán

Bealtaine 10, 2009

Le teacht i gcumhacht don bhfear úr, sna Stáit Aontaithe, tá an Domhan uilig ag feitheamh le polasaithe úra ón Teach Bán a fheiceáil. Le daoine gaolta leis an Uasal Barac Obama i Muine Gall, Biorra, Co Uíbh Fhailí, is cinnte go mbeidh freagraí ar na cheisteanna éagsúla aige

Muine na nGallán i nGaedhilg an lae inniu an t-ainm. Críoch ina raibh fealsúnacht agus tuiscint chun tosaigh sa tsean am, mar sin. Agus nach uasal stair na nGael, atá scríobhtha sna logainmneacha.

I Muigheo, ceapadh gur fear éirimiúil a bhí ann, go mbeadh seans go mbainfí síocháin domhanda amach agus meas cothrom léirithe aige ar mhuintir na Palaistíne, na hIosráile is na hIoráice. Creideann sé i “chaw, chaw is better than war, war” adúirt Churchill tráth. Bhrathfadh an tsíocháin ar dul chun chinn eacnamaíochta fosta.

I mBaile Átha Cliath, admhaíodh go bhfuil an scéal idirnáisiúnta eacnamaíochta ag athrú ó lá go lá. Glacadh go gcaithfí tuarastail agus costais eile anseo a laghdú, go leibhéil lena bhdféadfadh linn dul san iomaíocht arís go hidirnáisiúnta.

Ar ndóchaigh, tá tuarastail amaideacha agus ‘perks’ á dtabhairt amach dóibh fhéin ag daoine sinseartha sna bainc is sa Stát-chóras. Maidir le polasaithe cumarsáide is eacnamaiochta, níl smaoineamh sa chiseán ag na ceannairí seo ar conas déalail leis na fadhbanna, atá ag méadú le tamall de bhlianta anuas..

I gCo na Mí, bhí an tuairim acu go raibh sé rómánsach go nglacfaí Obama mar duine dár gcuid fhéin ach go mbeadh sé úsáideach go mbeadh an ceangal sin ann, agus é ag díriú ar thabhairt ‘un a bhaile na postanna atá anseo ag comhlachtaí Mheiriceá. ‘Sóchmhainn doláimhsithe’ (intangible asset) a bhí ann cinnte, ag ‘chuile dhuine, a bhailigh le chéile go héasca daoine de ‘chuile chine.

Go ginearálta, glacadh gur inspioráid do dhaoine gorma an fear seo. Scéal suimiúil gurb é an tarna rud a rinne an t-Óbamach san oifig dó, riaileacha i hbfábhar ginmhillte a shíniú. Beidh a lán le scríobh ag daoine fós fé’n an Uachtarán seo.

Fóram fíorúil do Lucht Labhartha na Gaeilge An Comhluadar Scadhp
(Trealamh Scadhp le fáil saor in aisce ach é a iarraidh in am ós Na Comhluadair Bheo cairde@gaeltacht.info)

Nodlaig 2008 – Deireadh le theacht leis an Nuachtán ‘Lá’

Bealtaine 10, 2009

Sa chéad eagrán den alt seo, nach trua go gcaithfimid deireadh le ‘Lá’ a phlé. Le dornán de bhlianta anuas, do bhfhaighfinnse cóip de ‘Lá’ go laethiúil. Sa tús ní raibh ann ach dhá leathanach greamaithe le chéile le stáplaí. Ach ba laochmhar, ídéalach an obair a rinne na tionscnóirí sín nuacht den scoth a chur ar fáil dúinn go rialta.

Rud speisialta maidir le ‘Lá’, bhí sé i gcónaí chun tosaigh le nuacht an lae agus, i dteannta le sin, do bhfhaighfeá scéalta beaga ó chuile chearn den domhan nach bhfhaighfeá ar nuachtáin eile.

I mBaile Átha Cliath, bhí an tuairim ag ár gcuid ball, go gcruthódh an deacracht seo
fadhbanna móra do lucht labhartha na Gaeilge. ‘Sé an t-aon nuachtán laethiúil atá againn agus bhí nuacht bheacht náisiúnta, idirnáisiúnta, eachnamaíoch, chultúrtha agus eile le fáil go héasca air. Níor léir dóibh ce’n fáth go mbeadh cur ar cheal ‘Lá’ ar na hábhair tosaíochta a ceaptar a bheith ar leas chaomhnú an gheileagair.

I dTír Chonaill, ceapadh nach ndéanfadh an tubaiste mórán difir do mhuintir na háite mar dúradh nach raibh léitheoireacht mhór ag ‘Lá’ ann. Glacadh trua dóibh a chaillfadh a bpost ag an am gcéanna.

I Muigheo, aithníodh go raibh deacrachtaí móra eacnamaíochta ag teacht inár dtreo agus ba chomhartha dhubh dúinn é titim an nuachtáin. Tá go leor, leor comhlachtaí ag dul as feidhmiú (ceannródaithe an fhíorgheileagair) le blianta anuas agus níor chuir na húdaráis ná na ceardchumainn aird ar bith ortha (seachas daoine ar dála David McWilliams), toisc an carn mór airgid a bhí ag teacht ón gcur i gcéil san earnáil tógála. Bhí ‘fhios ag daoine i gcoitinne go dtitfeadh an tógáil i laige agus an focal a bhí i mbéal na ndaoine a raibh freagracht as seo: “Carpe diem quod maoriar”

I gCondae na Mi ba dhoiligh leo a chreidbheáil go ligfí áis chomh tábhachtach is nuachtán laethiúil le sruth, achar gear d’éis don teangain stádas oifigiúil a fháil sa Bhruiséal agus an phlobaireacht oifigiúil gan stad a lean ar seo. Ba léir nach bhfuil meas á thabhairt don chéad teangain oifigiúil agus níor tugadh lámh cúnta do ‘Lá’ an mhargaíocht chuí a dhéanamh.

Achoimre
Níl le rá againne ag an bpoinnte seo ach gur thuigeadh an fhéiníobairt phearsanta a rinne foireann an nuachtáin seo ón gcéad lá. Cinnte ní raidh againn ach ardmheas oraibh, a chuir an raon sin scileanna in úsáid ar son na tire. Guímid Rath Dé ortha san am atá le theacht agus beimid ag súil le cloinstin uatha sa toghchaí – b’fhéidir ar líne.

Fóram fíorúil do Lucht Labhartha na Gaeilge an Comhluadar Scadhp
(Trealamh Scadhp le fáil saor in aisce ach é a iarraidh in am ósna Comhluadair Bheo cairde@gaeltacht.info)